Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Nuair a d’fhág sé an fheirm sin chaith sé tamall mar gharraíodóir ag mainistir in Musselborough. | 00:03:16 | |
Ina dhiaidh sin chaith sé tamall ag obair le Oibreacha Poiblí i mbaile beag agus bhí siad ag stopadh i gcarbháin. | 00:02:28 | |
Ina dhiaidh sin, chaith sé cúpla bliain ag obair ar na busanna i nGlaschú, sé mhí mar chonduchtaire agus ansin b’éigean do foghlaim leis an bus a thiomáin. Bhain sé a sháith suilt as sin. Bhí aithne mhaith aige ar shráideanna Ghlaschú an t-am sin. Bhí trioblóid go leor idir Celtic agus Rangers san am le linn na gcluichí peile ach ní raibh mórán trioblóide ag Antoin leo ar na busanna. | 00:11:30 | |
Chuaigh sé go tuaisceart na hAlban ansin ag obair sna tolláin. Bhí obair chrua ansin agus bhí campaí móra ann, bhí léir fir ag obair ansin. Bhíodh se fuar sa gheimhreadh. | 01:00:40 | |